
Tá Áine, Sinéad agus Siún ag dul ar sos ar feadh seal mar go bhfuil Siún ag súil lena baé féin! Éist anseo leo ag caint faoi athruithe saoil agus an chaibidil nua seo.
Feb 26, 2024
50 min

Tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi na hathruithe atá ag teacht orthu, bíodh 'fhios go bhfuil siad uatha nó nach bhfuil!
Feb 21, 2024
47 min

Bhí Beo ar Éigean i láthair ag Féile Tonnta i nGaillimh, féile nua dátheangach i gCathair na dTreabh. Labhair siad faoi Bhandia Bhríd agus faoi thábhacht an phobail, i measc go leor eile!
Feb 12, 2024
55 min

Táimid ag dul siar ar bhóithrín na smaointe, bhí ábhair éagsúla idir chamáin againn le dhá mhí dhéag, ina measc brú dearfach, dul chun cinn, blaiseadh den gcomhrá faoi choincheap na fírinne sa lá atá inniu ann. Cad iad na bréaga beaga a insíonn muid dúinn féin agus an mbímíd ionraic linn féin, fiú?
Feb 12, 2024
46 min

Labhair na BAÉs faoin teacht i láthair atá acu agus an tslí go gceapann siad go dtagann siad i láthair... an bhfuil an bearna mhór idir an dá rud?
Feb 6, 2024
38 min

Tá na BAÉs ag caint faoi fhrustrachas agus an tslí a dtéann siad i ngleic leis an mothúchán ciotach seo.
Jan 22, 2024
46 min

Tá Sinéad, Siún agus Áine ag caint faoi bhród, agus ár gcaidreamh casta leis an mothúchán áirithe seo.
Jan 18, 2024
46 min

Féachann na BAÉs ar aghaidh ar a bhfuil rompu sa bhliain nua.
Jan 11, 2024
47 min

Deir siad go bhfuil trí ní nach féidir a mhúineadh ach an bhfuil 'cop on' le cur againn ar an liosta sin againn?
Jan 8, 2024
47 min

Cad iad focail na bliana do Shinéad, do Shinéad agus do Shiún agus conas a mhúnlaíonn an teanga a úsáideann muid an domhan ina maireann muid
Jan 4, 2024
49 min
Load more
