
San eagrán seo, do mhí Idirnáisiúnta an Mheabharshláinte, pléann Dúlra, Sinéad agus Lucy na rudaí beaga agus móra a chabhraíonn leo lena meabharshláinte na laetheanta seo...anuas ar go leor rudaí fánacha eile...seanfhaisean 2012; priontaí aztec, hataí bowler agus ulchabháin san áireamh! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
May 31, 2024
34 min

San eagrán seo, míníonn Sinéad do Lucy agus Róisín faoi gach rud atá ag tarlú idir Kendrick agus Drake i láthair na huaire. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
May 9, 2024
51 min

San eagrán seo, tá Róisín agus Lucy i stiúideó Raidió RíRá! Labhraíonn na gals faoi neart rudaí éagsúla ar nós Lá Mór na Gaeilge, pleananna leis an bpod, turas chuig na Filipíní agus Kacey Musgraves, chomh maith le an-chuid eile! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
May 2, 2024
47 min

Pléann Sinéad & Dúlra pleananna le cuairt a thabhairt ar an ngealach agus déanann Sinéad léamh tarot le todhchaí Dhúlra a thuar! San eagrán seo gheobhaidh tú eolas ar thréithe na réaltchomharthaí agus tuairimí na nGaelgals maidir le tuasmaí a léamh. Lean muid ar Instagram, X agus Facebook nó abair linn céard a cheapann sibh faoin tsraith trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag [email protected] de chuid Raidió Rí-Rá. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Apr 18, 2024
49 min

San eagrán seo, labhraíonn Róisín, Lucy agus Dúlra faoi chuile rud faoin spéir. Ó ‘CleanTok’/eagrúchán, go ráiflí Kate Middleton, íomhá coirp agus an bhfiaclóir- Cloisfidh tú faoi gach rud san eagrán seo! Bí i dteagmháil má tá téama ar leith ar mhaith leat go gclúdóimid! 🩷Lean muid ar Instagram, X agus Facebook nó abair linn céard a cheapann sibh faoin tsraith trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag [email protected] de chuid Raidió Rí-Rá. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Apr 10, 2024
1 hr

Ar an eagrán úr seo pléann Lucy, Róisín na Gaillimhe agus Dúlra réimse leathan topaicí craiceáilte mar is gnáth; ina measc, Botox, na rudaí atá déanta acu le déanaí lena scíth a ligean agus freagraíonn siad cruacheisteanna na n-éisteoirí 🕵️♀️Lean muid ar Instagram, X agus Facebook nó abair linn céard a cheapann sibh faoin tsraith trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag [email protected] de chuid Raidió Rí-Rá. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Apr 3, 2024
59 min

Mar chuid de Lá Idirnáisiúnta na mBan thug Róisín na Gaillimhe agus Sinéad Ní Scolaí cuairt ar stiúideo Raidió na Life i mBleá Cliath. San eagrán speisialta seo pléann Róisín agus Sinéad na deacrachtaí agus na constaicí a bhíonn roimh mhná in earnáil an cheoil. Pléann siad bancheoltóirí éagsúla ar nós Jojo, Raye, Kesha agus níos mó. #IWD2024Lean muid ar Instagram, X agus Facebook nó abair linn céard a cheapann sibh faoin tsraith trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag [email protected] de chuid Raidió Rí-Rá. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Mar 13, 2024
45 min

Ar an eagrán seo, beo ó Chlub Chonradh na Gaeilge, labhraíonn Róisín, Lucy, Dúlra agus Sinéad faoi réimse leathan ábhar, ón bhfealsúnacht a bhaineann le Winnie the Pooh, cad atá ina 'n-impireacht na Róimhe' dóibh, agus neart neart eile. An Tiggar atá ionat? An Piglet thú? Gheobhaidh tú gach eolas ar an eagrán seo!Lean muid ar Instagram, X agus Facebook nó abair linn céard a cheapann sibh faoin tsraith trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag [email protected] de chuid Raidió Rí-Rá. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Feb 22, 2024
1 hr 1 min

Tá Sinéad, Clíodhna agus Lucy ar ais inniu le labhairt faoin ngrá! Pléann siad a gcuid phleananna féin, na scannáin/amhráin ghrá is fearr leo agus tá 'Grá na gCeist' ag an deireadh, chomh maith!.Lá Fhéile Vailintín/Cailín-tín daoibh uilig a chairde!Lean muid ar Instagram, X agus Facebook nó abair linn céard a cheapann sibh faoin tsraith trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag [email protected] de chuid Raidió Rí-Rá. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Feb 15, 2024
49 min

San eagrán seo pléann Clíodhna, Sinéad agus Dúlra cad a dhéanfaidís dá mbeadh an Crannchur Náisiúnta buaite acu agus dá mbeadh siad mar Thaoiseach nó Uachtarán na hÉireann! Téann siad siar ar bhóithrín na smaointe ag caint ar na Béaltrialacha san Ardteist agus tugann siad na top tips is fearr do na creatúirí bochta atá ag tabhairt faoi i gceann cúpla seachtaine!Lean muid ar Instagram, X agus Facebook nó abair linn céard a cheapann sibh faoin tsraith trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag [email protected] de chuid Raidió Rí-Rá. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Jan 31, 2024
44 min
Load more
