
Dia daoibh a chairde Gael! Conas atá sibh?
Is fada an lá ó chuala sibh uainne anseo ar Nóisin ach tá leithscéal maith againn ar a laghad. Tá muid beirt faoi ualach na hoibre le cúrsaí ollscoile faoi láthair ach in ainneoin sin go léir, tá gliondar is sceitimíní orainne an t-eagrán seo a roinnt libh.
Lá speisialta is brónach ab ea an Aoine seo caite, lá deireanach Shorcha s'againne ar champas Choláiste Mhuire gan Smál agus muid ag taifeadadh beo ó stiúideo WIRED99.9FM. Mar sin, bheartaíomar dul ar thuras síos bóithrín na smaointe agus muid ag féachaint siar ar na blianta curtha dínn sa choláiste i dteannta cara linn, an ardfhear lách is suáilceach é féin, Jonathan Ó Caoimh.
Ciarraíoch go smior is ea Jonathan agus thug sé faoin gcúrsa bunmhúinteoireachta sa choláiste mar aon le Sorcha, is ní féidir a shéanadh go bhfuil fíor-ghrá aige do theanga na Gaeilge.
Leis na bhfear faiseanta seo, phléamar conas nuamhaisiú is nuálaíocht a thabhairt do theanga na Gaeilge agus conas dearcadh dearfach a chothú di mar mhúinteoirí bunscoile. Anuas air sin, phléamar dúshláin na mac léinn le moilleadóireacht, foirfeachtachas agus andúil teicneolaíochta ina measc.
Chríochnaíomar leis an gcluiche comhrá s'againne, 'Bua, Dua agus Madra Rua!', éistigí linn le fáil amach cad atá i gceist leis seo!
Idir an dá linn, má bhaineann sibh sult as an bpodchraoladh agus má tá fonn oraibh cúnamh a thabhairt dúinn, le bhur dtoil fágaigí léirmheas cúig réalta dúinne, cibé áit a bhfaigheann sibh bhur bpodchraoltaí. Bheimis an-bhuíoch as ucht na tacaíochta!
Mar is gnách, é seo agus níos mó!
Bígí linn :)
May 1, 2024
51 min

Seachtain na Gaeilge sona daoibh a chairde Gael, tá súil againn go bhfuil sibh ag baint sult as!
Lá mór do 'An Chéad Ghlúin Eile' agus iad ag eisiú a gcéad albam le gairid, agus anuas ar seo, bronnadh gradam 'Amhrán Folk na Bliana' orthu ag Gradaim Folk RTÉ 2024 faoi choinne an singil úr s'acu, Bláth na hÓige! Bígí cinnte éisteacht leis agus tacú leo!
Ar an bpointe sin, bheartaíomar dul ar bhóithrín na smaointe agus comhrá le Máire Ní Churraoin a roinnt libh (leath den bhanna seo). De bharr fadhbanna teicneolaíochta, níl an comhrá seo cloiste agaibh go fóill ach tá Máire chomh spreagúil agus ionsparáideach 'is go bhfuil sé de dhualgas orainn é a roinnt libh!
Tá fuinneamh iontach ag Máire agus í ag obair mar cheoltóir, cruthaitheoir, láithreoir teilifíse agus bíonn sí i mbun taistil go minic! An té a bhíonn siúlach, bíonn SÍ scéalach dar ndóigh!
Sa chomhrá seo, labhraímid faoin mbanna ceoil agus a caidreamh lena deirfiúr Étáin, faoin tréimhse ama a chaith Máire i Valencia agus faoina taithí ag láithriú 'Teach Spraoi' ar Cúla4!
Mar is gnách é seo agus níos mó!
Bígí linn :)
Mar 10, 2024
50 min

Bhuel a chairde Gael, cén chaoi a bhfuil cúrsaí libh na laethanta seo? San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againn fearadh na fáilte a chur roimh an laoch suáilceach í féin, Laura Pakenham.
Le linn an agallaimh seo, tugann Laura léargas dúinn ar an méid atá idir láimhe aici mar intéirneach le TG4 Foghlaim agus an sproic s'acu chun tacaíocht is áiseanna foghlama do mhúinteoirí, scoláirí is foghlaimeoirí a chur ar fáil ar líne. Labhraímid faoi na tograí nua atá aici féin fosta, chun pobal d'fhoghlaimeoirí na teanga a bhunú ar na meáin shóisialta.
Mar mhúinteoir, ní féidir a shéanadh go bhfuil dúil thréan aici sa léann agus í ag iarraidh feasacht teanga a spreagadh, ionas go mbainfidh Gaeilgeoirí úra níos mó tairbhe agus sult as foghlaim na teanga!
Chomh maith leis sin, insíonn sí dúinn cén fáth ar bheartaigh sí a scrúdú tiomána a dhéanamh trí Ghaeilge agus a heispéireas spéisiúil ar an gclár iomráiteach Grá ar an Trá anuraidh.
Mar is gnách, é seo agus níos mó!
Idir an dá linn, leannaigí @laurajpakenham agus @tg4foghlaim ar Instagram/TikTok agus déanaigí cinnte https://foghlaim.tg4.ie/ a sheicéal amach chun níos mó eolais a fháil faoi na hacmhainní uilig atá ar fáil ann.
Bígí linn :)
Feb 24, 2024
51 min

Haigh a chairde, goidé mar atá sibh?
Ba mhaith linn ár gcomhghairdeas a ghabháil le lucht Choláiste na Trionóide as ucht an éachta a bhain siad amach le déanaí chun ról Oifigeach Gaeilge Lán-Aimseartha a bhunú in Aontas na Mac Léinn s'acu. Bhí baint nach beag ag Pádraigh Mac Brádaigh, leis an toradh seo.
San eagrán seo, tá Sorcha s’againne ag caint le Pádraig mar gheall ar an bhfeachtas, ar infheictheacht na Gaeilge ar chapais tríú leibhéal agus ar a shaol pearsanta féin ‘is é ag fás aníos i Nua Eabhrac!
Glaoimid ar na hinstitiúidí tríú leibhéal eile ar fud na tíre dea-shampla na Trionóide agus na Gaillimhe a leanúint agus Oifigeach Gaeilge Lán-Aimseartha a bhunú in Aontas na Mac Léinn s’agaibh!
Mar is gnách, é seo agus níos mó!
Bígí linn :)
Feb 16, 2024
1 hr

Bhuel a chairde Gael, beannachtaí na ndéithe oraibh uilig agus fáiltigí ar ais! San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againne an deis a fháil chun dul faoi agallamh leis an ardfhear lách, suáilceach is soilbhir é féin, Cúán de Búrca.
D'éinne nach bhfuil cur amach acu ar an laoch seo go fóill, bíonn Cúán iontach gníomhíoch ó thaobh an teanga de, go háirithe thuas i mBÁC, is bíonn neart tógraí a reachtáil aige i gClub an Chonradh ó Réabh is Craobh 1916 go dtí a chlár raidió féin Airneán le Raidió na Life (cuisle na cathrach) lena leathbhádóir James Shannon.
Faoi láthair na huaire áfach, tá Cúán ag obair le TG4 ar an scéim intéirneachta s'acu sa rannóg TradTG4 agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn faoin méid atá idir láimhe aige le gairid agus faoina thaithí mar Bhleá Cliathach ar seachrán in iarthar na Gaillimhe.
Ní féidir a shéanadh go bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus tá sé iontach soiléir go bhfuil Cúán an cheanúil ar ár dteanga gleoite, go hiomlán faoi gheasa aici! Labhraíonn sé go neamhbhalbh faoin dúil so-aitheanta s'aige inti is an tábhacht shuntasach atá aici ina shaol féin, agus an luach a bhaineann léi dúinn uilig go háirithe ó thaobh ár n-oidhreacht is féiniúlacht mar Ghaeil.
Mar is gnách, é seo agus níos mó!
Dála an scéil, leannaigí @cuan.deburca, @airneanrnal agus @craobh1916 le níos mó eolais a fháil faoina rudaí uilig atá ar bun aige ar na mallaibh!
Bígí linn :)
Feb 10, 2024
36 min

Beannachtaí na Féile Bríde agus Imbolg oraibh uilig a chairde Gael, tá an t-earrach buailte linn ar deireadh thiar thall! San eagrán úr seo, labhraíonn muid leis an laoch is spéirbhean í féin, Katelyn Hayes.
Le linn an agallaimh seo, tugann Katelyn léargas dúinn faoina taithí mar scoláire in Ollscoil na Gaillimhe, a heispéireas foghlama le hAcadamh Fíbín is an chúis go ndeachaigh sí ag taisteal timpeall na hÁise le gairid.
Chomh maith leis sin, nochtann sí an tábhacht atá le heiseamláirí chun spreagadh, misneach agus inspioráid a mhúscailt sa chéad ghlúin eile agus na féidearthachtaí nua a bhaineann leis an nGaeilge!
Is bean bhródúil de chuid Luimnigh í Katelyn agus tá sí iontach gealgháireach, spleodrach agus dearfach mar dhuine. Ba mhór linn am a chaitheamh ina dea-chomhluadar agus muid i mbun taifeadta, bhí neart craic againn!
Mar is gnách, é seo agus níos mó!
Bígí linn :)
Feb 2, 2024
1 hr 1 min

Heileo heileo a chairde Gael, tá súil againn go bhfuil sibh uilig go maith!
Sa seaneagrán seo, shuíomar síos le haghaidh seal leis an ardfhear lách Jake O'Loughlin chun labhairt leis faoin éacht ar bhain sé amach anuraidh nuair a ainmníodh é féin is a leathbhádóir Daragh Dolan mar Dioscmarcaigh Raidió na Bliana ag Gradaim Náisiúnta na Meán do Mhic Léinn, de dheasca a gcuid oibre lena gclár rathúil ALL IN ONE ar Wired99.9FM. Chomh maith le seo, phléamar a thaithí leis an gceol atá go smior ann agus na dúshláin inmheánacha a bhaineann le maratón a rith.
Is scoláire é Jake anseo i gColáiste Mhuire gan Smál is ba mhór linn am a chaitheamh ina dheachomluadar i gconaí, ní féidir a shéanadh gur bhaineamar an-taitneamh as an agallamh seo agus muid á thaifeadadh siar i mí Lúnasa. É sin ráite, bhí sean micreafóin á n-úsáid againn agus tá seans nach bhfuil an caighdeán fuaime foirfe in áiteanna de bharr sin, gabh ár leithscéal as ucht seo!
Ar aon nós, bígí linn! :)
Jan 26, 2024
52 min

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh a chairde, tá súil againn go bhfuil sibh uilig go maith! San eagrán úr seo, labhraíonn Cian leis an ardfhear is ceoltóir cáiliúil Keith O'Brien. Go dtí seo, tá cáil bainte amach aige leis an mbanna ceoil aitheanta Seo Linn, agus le déanaí d'fhág sé a phost chun díriú ar a chuid ceoil go lánaimseartha.
Déanann Keith plé faoin gcinneadh sin agus tugann sé léargas ar an inspioráid phearsanta a spreag an singil nua 'Old Forgotten Lore' agus an dóigh ar bhuail sé leis na leaideanna eile de chuid Seo Linn agus iad ag freastal ar TG Lurgan i gConamara.
Mar is gnách é seo agus níos mó!
Lean @keithobrien13 ar Instagram agus TikTok, chomh maith le @KeithOBrien ar Spotify le níos mó eolais a fháil faoina cuid oibre is na rudaí uilig atá idir láimha aige!
Bígí linn! :)
Downtown Glow by Ghostrifter & Devyzed Creative Commons — Attribution-NoDerivs 3.0 Unported — CC BY-ND 3.0
Music promoted by https://www.chosic.com/free-music/all/
Jan 11, 2024
50 min

Fáilte ar ais a chairde Gael, is beannachtaí na Nollag oraibh uilig!
San eagrán úr seo phléamar neart ábhair éagsúla, ó nósanna Nollaigiúla sa seomra ranga is na scannáin Nollag atá oiriúnach d'éinne atá ar an tolg ag déanamh craois ar sheacláidí Quality Street le cupán tae, níl tada níos deise!
Ach anuas ar seo, rinneamar machnamh ar na sean-nósanna is an béaloideas a bhaineann le Grianstad an Gheimhridh agus Lá an Dreoilín anso in Éirinn agus na traidisiúin atá an-chosúil leo thall i gCymru le nós Mari Lwyd agus finscéal Tehi Tegi as Oileán Mhanann.
Mar is gnách é seo agus níos mó!
Bígí linn :)
Dec 23, 2023
53 min

Bhuel a chairde, aon scéal? Táimid ar ais le heagrán úr daoibh le haoi fíor-inspioráideach, an laoch agus ceannródaí í féin Kathryn Ní Mhaoláin. Go dtí seo, tá cáil bainte amach aici leis an bpodcraoladh uathúil, 'Sílim that...' ach anuas ar sin, tá Kathryn i mbun oibre ar an bpodcraoladh úrnua, Giob Geab Gaelbhratach!
Ní féidir a shéanadh gur spreag 'Sílim that...' muidne chun ár bpodcraoladh féin a chruthú! Mar sin, bhí gliondar orainn fáilte Uí Cheallaigh a chur roimpi don eagrán seo. D'inis sí dúinn faoina dea-nósanna agus léideanna saoil atá iontach cabhrach do chách, an taithí a bhí aici mar mhúinteoir agus cén fáth gur chinn sí podcraoladh a thosú an chéad lá riamh.
Gan amhras é seo agus níos mó, bígí linn! :)
Oct 4, 2023
54 min
Load more
