Show notes
Ar Splanc ar Newstalk le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Ciarán Mac an Bhaird ar an tseachtain oibre agus ar albam Taylor Swift (!!), osclaíonn Emma Ní Chearúil a Spotify Wrapped ar an aer, roinneann Sinéad Ní Uallacháin a rogha scannán Nollag, agus tá plé ag Cuán agus Daragh ar an gceist: ar chóir go mbeadh bainisteoirí agus imreoirí ina n-anailíseoirí agus tráchtairí spóirt?

